Cormac Moore’s lecture in Omeath last night, “The Root of All Evil”, as part of the Oriel Connects Us-Oirialla a Thugann Sinn le Chéile programme, examined the ill-fated Irish Boundary Commission and the reasons for its failure. The lecture, one in a series, was again well-attended and some local content was covered, especially as regards the effects of Partition on commerce in Warrenpoint and on farming in South Armagh. The inherent weaknesses and biases of the Commission were explored, Eoin Mac Néill’s inertia, naivety and ineptitude highlighted, and analysis given for the suppression of the Commission’s final report (not released until 1969). Bigger picture context was usefully provided (European parallels post World War 1) and the role of the establishment of Customs barriers North and South in embedding and copperfastening existing borderlines was most interesting. Several photographs, rarely seen, of Commission members traipsing around Border regions, served to illustrate the talk.

I léacht a thug Cormac Moore in Ó Méith aréir, dár teideal “Fréamh an Uile Oilc”, a bhí mar chuid den chlár Oriel Connects Us-Oirialla a Thugann Sinn le Chéile, rinneadh scrúdú ar Choimisiún na Teorann a raibh an-mhíshástacht ag baint leis agus míníodh go mion na cúiseanna lena chliseadh. Bhí freastal maith arís ar an léacht, ceann i sraith, agus clúdaíodh roinnt ábhar áitiúil, go háirithe maidir le tionchar na Críochdheighilte ar thráchtáil i Rinn Mhic Giolla Rua agus ar chúrsaí feirmeoireachta i nDeisceart Ard Mhacha. Rinneadh iniúchadh ar chlaontacht ó bhroinn agus ar laigí an Choimisiúin; leagadh béim ar neamhshuim, ar shaontacht agus ar neamhinniúlacht Eoin Mhic Néill; agus tugadh anailís ar chur faoi chois thuarascáil deiridh an Choimisiúin (nár eisíodh go dtí 1969). Soláthraíodh mar chomhthéacs pictiúr níos leithne ón tréimhse (críochdheighiltí eile san Eorap i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda) agus bhí ról bunú Poist Custam ó Thuaidh agus ó Dheas i leabú na dteorainneacha a bhí ann cheana féin an-suimiúil. Taispeánadh roinnt grianghraf, nach bhfeictear go minic, de bhaill an Choimisiúin ag siúl timpeall réigiún na Teorann.